“
Cad é an mhaith dom eagla a bheith orm? Ní shaorfadh eagla duine ón mbás, dar ndóigh.
”
”
Peig Sayers (An Old Woman's Reflections: The Life of a Blasket Island Storyteller)
“
An cinniúnt, is dócha: féach an féileacán úd thall atá ag foluain os cionn mo choinnle. Ní fada go loiscfear a sciatháin mhaiseacha: cá bhfios dúinne nach bhfuil a fhios sin aige, freisin?
”
”
Pádraic Ó Conaire (An Chéad Chloch)
“
Treall
Tabhair dom casúr
nó tua
go mbrisfead is
go millfead
an teach seo,
go ndéanfad tairseach
den fhardoras
'gus urláir de na ballaí,
go dtiocfaidh scraith
agus díon agus
simléir anuas
le neart mo chuid
allais...
Sín chugam anois
na cláir is na tairnní
go dtógfad
an teach eile seo...
Ach, a Dhia, táim tuirseach!
”
”
Caitlín Maude (Dánta, Drámaíocht agus Prós)
“
Craiceann a shníonn
go gléineach thar do ghéaga
mar bhainne á dháil as crúiscíní
am lóin
is tread gabhar ag gabháil thar chnocáin
do chuid gruaige
cnocáin ar a bhfuil faillte arda
is dhá ghleann atá domhain.
(Leaba Shíoda)
”
”
Nuala Ní Dhomhnaill (Spíonáin is Róiseanna (Guth an ealaíontóra))
“
Irish and English are so widely separated in their mode of expression that nothing like a literal rendering from one language to the other is possible.
”
”
Robin Flower
“
Bí ann nó as
táimse ag triall Ort
agus má tá
cuirim geasa Ort
mé a shábháil
ón dream
a deir
gur fear fuar
sa spéir Thú.
”
”
Caitlín Maude (Dánta, Drámaíocht agus Prós)
“
A ógánaigh...
ná bris
an ghloine ghlan
'tá eadrainn
(ní bhristear gloine
gan fuil is pian)
óir tá Neamh
nó Ifreann thall
'gus cén mhaith Neamh
mura mairfidh sé
go bráth?
ní Ifreann
go hIfreann
iar-Neimhe...
(Impí)
”
”
Caitlín Maude (Dánta, Drámaíocht agus Prós)
“
Seanabhean is ea mise anois go bhfuil cos léi insan uaigh is an chos eile ar a bruach. Is mó bogradh is cruatan curtha agam díom ón gcéad lá do saolaíodh me go dtí an lá atá inniu ann. Dá mbeadh ’fhios agam go mbeadh a leath, ná a thrian, i ndán dom ní bheadh mo chroí ná m’intinn chomh haerach ná chomh misníúil is do bhí i dtosach mo shaoil.
”
”
Peig Sayers (Peig: The Autobiography of Peig Sayers of the Great Blasket Island (Irish Studies))
“
Iar gclos báis Mháire
i dtuairim cháich má fágbhadh m'ainnir faoi fhód,
níor bhuadhaigh bás ar Mháire im mheabhair-se fós.
”
”
Pádraigín Haicéad
“
Beatha
- do Mháire Mhic Amhlaoibh,
An Fál Mór, Co. Mhaigh Eo.
- Níor airigh tú caint ar an slabhcán? -
arsa Mary Nell le hiontas,
an slabhcán a bhailíodh sí ina gearrchaile di
ar charraigreacha an Fháil Mhóir,
a thugadh sí abhaile
is a ghearradh go mion, é a bhruith ainsin le deoirín uisce.
Nuair a d'fhuaraíodh sé dhéanadh sí leac -
an blas a bhíodh air leis an ngráinne salainn!
Níor bhlais Mary Nell an slabhcán le dhá scór bliain:
- Ní bhadrálann éinne thart anseo a thuilleadh leis,
Róleitheadhach atá siad.
Ach an stuif sin a bhíonns ag fear an tsiopa
I bpotaí beaga a thigeann sé, dath pinc air -
'Yoghurt?'
- Yoghurt. Yoghurt!
M'anam go liveálfainn ar an stuif sin.
M'anam go liveálfainn air. -
”
”
Tadhg Mac Dhonnagáin (INNTI: Uimhir a ceathair déag)
“
The English imposed their language on Ireland, Scotland and Wales, and they weren't terribly nice about it.
”
”
Howard Tomb
“
Wherever it's spoken, Gaelic sounds like a combination of Swedish and Hebrew.
”
”
Howard Tomb (Wicked Irish (Wicked Travel Book Series))
“
The Irish word for innuendo is claontagairt. Sorry it's so long and hard.
”
”
Darach Ó Séaghdha (Craic Baby: Dispatches from a Rising Language)
“
Má ithis, nar chacair!” I told him in Gaeilge, a fantastic curse for one such as Mammon, who always wants more: It means, “May you eat but not defecate.
”
”
Kevin Hearne (Besieged (The Iron Druid Chronicles #4.1-4.2, 4.4, 4.6, 8.1-8.2, 8.5-8.6, 8.8))